Is minic go gcloistear an seanfhocal ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ agus creideann muid go láidir é sin anseo i Scoil Naomh Maolmhaodhóg na Buachaillí.

The proverb ‘A land without a language, a land without a soul’ is often heard and we strongly believe this here in St. Malachy’s Boys’ School.

There was a lot going on in the school to encourage interest in Irish language and culture among the children. Irish dancing, quizzes, artwork, traditional song and music were all part of the celebrations throughout the weeks.

It was a very enjoyable time for all involved and the students really enjoyed the activities. It was nice to hear Irish around the school and we are really looking forward to the same effort next year!

Some pictures of the fortnight are attached below.

Bhí go leor ag tarlú sa scoil chun spéis sa Ghaeilge a spreagadh i measc na bpáistí.

Ar dtús báire, bhí an scoil ar fad maisithe le póstaeir, pictiúir agus frásaí úsáideacha chun aird na ndaltaí a dhírigh ar Sheachtain na Gaeilge. Anuas ar sin, bhí seans ag gach dalta triail a bhaint as damhsa ghaelach sa halla spóirt. Bhí céilí ag gach rang agus ba léir go raibh lúchair an domhain orthu a bheith ag damhsa le chéile!

Bhí roinnt gníomhaíochtaí eile eagraithe againn do na bpáistí. I rang a trí – sé, ghlac na daltaí páirt i dTráth na gceist a bhí ar siúl thar Zoom. Go raibh mile maith ag Ms. McShane agus Ms. Murphy. Bhain siad an-sult as.

Ina theannta sin, bhí go leor ceol le cloisteáil timpeall na scoile! D’fhoghlaim gach rang amhráin ghaeilge. Tá roinnt ceoltóirí traidisiúnta againn sa scoil agus sheinn cúpla ceoltóir as na h-ardranganna (Thomas Sheehy i rang a 5 agus Niall Mac Artain i rang a 6) port d’arb ainm ‘Cooley’s Reel’ ar a bhfeadóga stáin le Mr. Wynne, Ms. Mullen, Ms. Murphy agus Mr. Farrelly.

Ba coicís fíor-thaitneamhach í d’achan duine a bhí ag glacadh páirt inti agus bhain na daltaí an-sult as na gníomhaíochtaí. Ba dheas an rud é an Ghaeilge a chloisteáil timpeall na scoile agus tá muid ag súil go mór leis an iarracht chéanna an bhliain seo chugainn!

Tá roinnt pictiúir den choicís ceangailte thíos.