Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mBunscoil Naomh Maolmhaodhóg na mBuachaillí i mbliana, bhí réimse leathan d’imeachtaí eagraithe againn ag tarlú taobh istigh agus amuigh de na ranganna. I measc na himeachtaí seo bhí cúrsaí ceoil, damhsa céilí, tráth na gceisteanna, imeachtaí ealaíne agus anuas ar sin, bhí seans ag na páistí iad féin a ghléasadh suas in éadaí glasa chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Chuaigh iarracht na bpáistí sna himeachtaí seo i bhfeidhm orainn agus is léir gur bhain siad an-sult astu.

D’fhoghlaim na páistí go leor amhráin Ghaeilge, ar nós Peigín Leitir Móir, Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile agus Amhrán na bhFiann. Anuas ar sin, bhí deis acu a gcuid tallann ceoil a léiriú sa halla tionól ar Lá Glas, le cuidiú banna ceoil na scoile!

Chuireamar an Ghaeilge chun tosaigh ar fud na scoile, le maisiúcháin agus póstaeir crochta ar bhallaí na ndorchlaí. Cuireadh béim ollmhór ar Ghaeilge labhartha sna ranganna, sna dorchlaí agus sa chlós. Rinne na páistí sár-iarracht chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcaitheamh Seachtain na Gaeilge agus táimíd go léir fíor-bhródúil astu. 

As part of Seachtain na Gaeilge in St. Malachy’s Boys National School this year, there were a wide range of activities organised and taking place both inside and outside our classrooms. Among these, we had music performances, céilí dancing, quizzes, art activities and a dress-up event to celebrate St. Patrick’s Day. We were very impressed our students for their high level of participation and engagement in these activities and it was clear that the children found great enjoyment in them.

The children learned a variety of Irish songs, such as Peigín Leitir Móir, Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile and Amhrán na bhFiann. In addition, they had the opportunity to put their musical talent on display in the school assembly on our annual ‘Lá Glas’, with support from the school band.

We put the Irish language to the fore throughout the whole school, with decorations and posters hung on the corridor walls. There was a big emphasis placed on spoken Irish in classrooms, in the corridors and in the yard. Our students made an outstanding effort to promote the Irish language throughout Seachtain na Gaeilge and we are really proud of each and every one of them.